Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana

Shortlist 2026

Faraor Géar nár Cailleadh Mé

Faraor Géar nár Cailleadh Mé

By Micheál Ó Conghaile

Is beag amhrán is mó a luaitear le Ceantar na nOileán ná an t-amhrán a bhfuil aithne air inniu mar Amhrán na Trá Báine nó, uaireanta, Curachaí na Trá Báine, caoineadh deirfíre do thriúr dearthár léi a báthadh nuair a chuaigh a gcurach go tóin poill, go fealltach deirtear, am éigin sna 1870idí. Ach chuile sheans gur Amhrán an Bháthadh a thug Bríd Ní Mháille í féin air agus í á chumadh agus á ghabháil ina dhiaidh sin agus í ar imirce i mBoston Mheiriceá.  Athchruthú samhlaíoch atá san úrscéal seo ina dtugtar an léitheoir ar aistear thrí aigne Bhríd agus a hintinn ag gluaiseacht anonn agus anall sna blianta, tamallallachaí thiar sa mbaile ar an Trá Bháin, tamallachaí eile thall i mBoston, ach í ag filleadh arís agus arís eile ar an tragóid a mhúnlaigh a saol ina dhiaidh sin agus a bhfuil sé ag cinnt uirthi éalú uaidh.

Úrscéal láidir cumasach, cumhachtach, fileata, ceolmhar atá anseo. Ómós álainn paiseanta do Bhríd Ní Mháille agus do na hamhráin atá ann. Tá stíl bhreá shoiléir dhíreach ann tríd síos, lonnaithe go láidir agus go héifeachtach i nGaeilge Bhríd féin. Féachann an scéal le dul isteach in intinn Bhríd agus éiríonn leis sin a dhéanmh agus an léitheoir a thabhairt leis. Tá píosaí breátha ann tríd síos. Is breá mar a ghéilleann an scríbhneoir do reitric na teanga rud a thugann cumhacht agus stíl don insint. Iarracht mhacánta bháúil é seo ar scéal Bhríd Ní Mháille a insint. Aistear samhlaíoch ina bhfuil bunspiorad iontach.

– An tOireachtas 

**

A novel based on the life of Bríd Ní Mháille, who composed the songs ‘Amhrán an Bháthadh’ and ‘Amhrán South Boston’, both lamenting the drowning of her three brothers in Connemara. Bríd was in Boston at the time and she never returned to her native soil. However, her home, An Trá Bháin, was never far from her thoughts and she often spoke about how life might have been had she not emigrated.

About Micheál Ó Conghaile...

In Inis Treabhair i gConamara a rugadh Micheál Ó Conghaile. Is mar scríbhneoir cruthaitheach is mó atá aithne air. Tá idir fhilíocht agus phrós, leabhair do pháistí, drámaí agus aistriúcháin foilsithe aige; ar na saothair is deireanaí uaidh tá Nollaig Oileánach (2022),  An Bhlaosc sa mBois (2024) agus Stop Your Shenanigans: Colourful Irish Words for Everyday Use (2026). Tá riar maith leabhar faoi amhránaíocht na Gaeilge curtha in eagar aige chomh maith, ina measc Leabhar Mór na nAmhrán.

**

Micheál Ó Conghaile was born and raised on Inis Treabhair, Connemara. A prolific and award-winning author, he has published novels, short stories, plays and poetry, and has translated numerous works into Irish. He is the founder of publishing house Cló Iar-Chonnacht and a member of Aosdána. His fiction explores contemporary Irish life with humour, empathy, and psychological depth. His most recent works are An Bhlaosc sa mBois, which was shortlisted for the 2025 An Post Irish-language book of the year, and Stop Your Shenanigans: Colourful Irish Words for Everyday Use.

Other books shortlisted in this category...

Click on the books to read more

WHy NOT HAVE YOUR SAY?

Vote for your favourite books by following the link below & you could win €100 of National Book Tokens