Is scríbhneoir dátheangach é Brian Ó Tiomáin a scríobhann go príomha i nGaeilge. Tá go leor duaiseanna Oireachtais bainte aige, ina measc duaiseanna do dhrámaí stáitse, drámaí raidió agus prós. Ach an oiread leis an bpríomhcharachtar san úrscéal Rúnaí an Aire, tá spéis mhór aige san amhránaíocht, go háirithe an amhránaíocht ar an sean-nós.
Chaith Brian 46 bliain ag obair sa státseirbhís ina measc cúig bliana i Roinn na Gaeltachta, roinn a bhfuil cosúlachtaí aige, má tá, leis an roinn atá léirithe san úrscéal.
Aonrú an duine dhaonna príomhthéama an úrscéil agus an tóir atá ag daoine ar theagmháil le daoine eile. Cíorann Rúnaí an Aire an teannas a bhíonn ann idir airí sinsearacha rialtais agus státseirbhísigh shinsearacha. Is minic a bhíonn eolas ag an státseirbhís nach mbíonn ag an aire, a d’fhéadfadh sé/sí a usáid chun a leasa pholaitiúil féin. Tugann an t-úrscéal léargas ar an gcoimeádachas is dlúth agus inneach don státseirbhís shinsearach agus an cur i gcoinne a bhíonn ann in aghaidh aon chur chuige úr.
**
Brian Ó Tiomáin writes in Irish and English but primarily in Irish. He has won many Oireachtas Literary awards for prose and drama. Like the main character in this novel, he has a keen interest in traditional and sean-nós singing. He is a regular visitor to the Góilín singers’ club.
Brian worked as a civil servant in various government departments for forty six years including five years in Roinn na Gaeltachta – this department may or may not have served as a model for the department portrayed in his Rúnaí an Aire. The novel explores the tensions which exist between government ministers and senior civil servants who will likely hold information to which the minister is not privy. The novel also explores the innate conservatism of the senior civil service and the lack of ambition for change. The primary theme of the novel is that of loneliness and the search for human connection.