File, scríbhneoir taistil, drámadóir agus úrscéalaí as Mín an Leá i nGort an Choirce é Cathal Ó Searcaigh. Rugadh Cathal Ó Searcaigh i gCloich Chionnaola i nGaeltacht Dhún na nGall i 1956. Ba é Miontraigéide cathrach agus dánta eile (Cló Uí Chuirrín, 1975) a chéad chnuasach aonair. Foilsíodh Súile Shuibhne in 1983 agus ceithre bliana ina dhiaidh sin foilsíodh Suibhne. Bailiúchán de dhánta ar théama neamhghnách sa Ghaeilge, an grá aerach, atá in Na Buachaillí Bána (1996), agus foilsíodh an cnuasach Caiseal na gCorr i 2002. Tá cnuasach dá dhánta ar fad bailithe faoin teideal Ag Tnúth leis an tSolas 1975-2000 (2001), cnuasach a bhuaigh duais The Irish Times don litríocht sa Ghaeilge. Ball d’Aos Dána é Cathal Ó Searcaigh.
————–
Cathal Ó Searcaigh is a poet, travel writer, dramatist and novelist from Mín an Leá in County Donegal. Born in 1956 and raised in Mín ‘a Lea, near Gort an Choirce, an Irish-speaking district in Co Donegal, his poetry collections include Súile Shuibhne (1983), Suibhne (1987), the bilingual An Bealach ‘na Bhaile/Homecoming (1993), Ag Tnúth Leis an tSolas (1993), Na Buachaillí Bána (1996), and the selected Out in the Open (2000). A selection of English translations of his poetry, By the Hearth at Mín a’ Leá (Arc), appeared in 2005. He continues to live in Mín ‘a Leá.