TheJournal.ie Best Irish Published Book of the Year

Shortlist 2023

Teasáras Gaeilge-Béarla | Irish-English Thesaurus

By Garry Bannister

Leac mhullaigh éachtach é TEASÁRAS GAEILGE–BÉARLA ar obair shaoil an údair, Garry Bannister. Ócáid chinniúnach staire í i leith staidéar na teanga agus a cultúir. Is leabhar tagartha é nach bhfuil a mhacasamhail ar fáil inniu. Taifead cuimsitheach é a nochtann scéimh, solúbthacht, doimhneacht agus stair na Gaeilge, bronnta ar an saol mar thoradh ar an taighde fhairsing chríochnúil atá déanta ag Bannister. 

 

Cuimsíonn an Teasáras seo comhchiallaigh, cleachtaí agus nósanna cainte, comhcheangail fhocal, leaganacha logánta agus seanfhocail. Léiríonn na hiontrálacha sa Teasáras seo peirspictíochtaí úra nach mbeifí ag súil leo sa teanga faoi mar a bhí sí inné agus mar atá sí inniu. Is áis an-úsáideach ar fad do stór focal an úsáideora iad na liostaí atá breactha de réir téama ar feadh an leabhair. Anuas ar sin tá cuntas nuálaíoch ar oibriú na Gaeilge nua-aoisí curtha faoinár mbráid i dTreoir Ghramadaí i gcúl an leabhair. 

 

Cuireann TEASÁRAS GAEILGE–BÉARLA saibhreas suntasach nua le corpas téacsanna tagartha na Gaeilge. Acmhainn áisiúil, riachtanach, is ea í,  agus taisce dhothomhaiste do chainteoirí, scríbhneoirí agus iriseoirí, d’údair, d’aos dána agus do lucht foghlama agus, go deimhin, do dhuine ar bith a dteastaíonn uathu slacht, snas agus snoiteacht a chur ar a scileanna teanga idir labhairt agus scríobh na Gaeilge. 

 


 

IRISH–ENGLISH THESAURUS is the stunning culmination of Garry Bannister’s life’s work and a milestone in engagement with the Irish language and its culture. It is a reference book like no other, a meticulously researched record which captures the beauty, agility, depth and history of the Irish language. 

 

Entries include but are not limited to translations, synonyms, usages and colloquialisms, common word combinations and proverbs. Every single entry reveals fresh and often surprising perspectives on contemporary and older usage. An original and innovative grammar guide offers leaner and more accurate descriptions of how the language is used. Lists of thematically grouped vocabulary appear throughout the book as an extremely useful tool for language-building and prose writing. 

 

IRISH–ENGLISH THESAURUS is a significant addition to the corpus of reference texts, an essential and indispensable resource for speakers, authors, poets, journalists, students and teachers, and, indeed, for anyone wishing to enrich and develop their spoken and written Irish-language skills. 

About Garry Bannister...

Fuair an Dr GARRY BANNISTER a oideachas i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, áit a ndearnadh sé staidéar ar an Ghaeilge agus an Rúisis. Chuaigh sé ar scoláireacht go Moscó i 1977. Ba ansin a bhain sé céim amach i dteanga agus i nualitríocht na Rúisise agus PhD sa teangeolaíocht chomparáideach.  I dtosach na n-ochtóidí chuir sé an chéad Roinn le Nua-Ghaeilge ar bun i StátOllscoil Mhoscó. Ar fhilleadh dó abhaile bhí sé ina cheannaire ar feadh tríocha bliain ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Choilm Bhaile Átha Cliath. Agus, ó am go chéile, bhí sé ina léachtóir ar cuairt i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, áit inar thug sé léachtaí ar Nualitríocht na Gaeilge. 

 

Chomhoibrigh sé fosta in aistriúcháin ar thaiscí liteartha na Gaeilge le David Sowby (An tOileánach), Alan Titley (Cré na Cille), Gabriel Rosenstock (Comhrá le Lí Hé). Tá sé ina údar ar Fhoclóir an Fhoghlaimeora, Labhair Rúisis Liom, Essential Irish agus ar thrí eagrán níos luaithe den teasáras nua breisithe seo. Le déanaí, tháinig leabhair eile uaidh amhail an fhoinse thagartha úd ar a bhfuil buanghnaoi an phobail, Proverbs in Irish, What’s That as Gaeilge? An English-Irish Phrasebook agus aistriúcháin le tráchtaireachtaí ar na Cóáin chlasaiceacha Zen, A Path Home – Conair Siar, na leabhair uile sin foilsithe ag New Island. 

 


 

Dr GARRY BANNISTER was educated at Trinity College Dublin, where he studied Irish and Russian. On a scholarship to Moscow in 1977, he received a degree in Russian language and literature and also completed a PhD in comparative linguistics. He set up the first Department of Modern Irish at Moscow State University in the early 1980s. Upon his return to Ireland, he taught at St Columba’s College in Dublin, where he was head of the Irish Department for nearly thirty years. He has also been a visiting lecturer on modern Irish literature at St Patrick’s College, Drumcondra. 

 

He has worked on the translations of Irish literary classics such as An tOileánach with David Sowby, Cré na Cille with Alan Titley and Comhrá le Lí Hé with Gabriel Rosenstock. He is the author of Foclóir an Fhoghlaimeora, Labhair Rúisis Liom, Essential Irish, and three earlier editions of his Irish-English Thesaurus. More recently, his work includes the perennially popular Proverbs in Irish, What’s That as Gaeilge? An English-Irish Phrasebook and the first comprehensive translation of classical Zen koans in English and Irish, A Path Home – Conair Siar, all published by New Island. 

 

Other books shortlisted in this category...

Click on the books to read more

WHy NOT HAVE YOUR SAY?

Vote for your favourite books by following the link below & you could win €100 of National Book Tokens